South and East Belfast Sinn Féin -- Building an Ireland of Equals

Fáiltíonn Alex Maskey BT roimh stádás óifigiúil do Naíscoil an Droichid

Published: 2 April, 2008

Ag labhairt i ndiaidh an scéal is déanaí go mbeidh stádás oifigiúil ceadaithe do Naíscoil an Droichid dúirt Alex Maskey, BT, Béal Feirste Theas.

"Cuirim fáilte roimh an nuacht seo ón Roinn Oideachais agus gabhaim buíochas do Caítriona Ruane go mbeidh stádas Naíscoil reachtúil bainte amach do Naíscoil an Droichid.

"Tugann Naíscoil an Droichid tús aite don pháiste; is é leas agus oideachas an pháiste an phríomhaidhm atá acu.

"Is rud iontach é ardchaighdeán réamhscolaíochta a chur i bhfeidhm dár bpáistí óga, don páíste atá cláraithe faoi láthair agus don ghlúin a bhainfidh tairbhe as an áis seo, amach anseo.

" Tá mé muiníneach go dtabharfaidh an naíscoil seo tús maith sa saol dóibh."